Acmhainní Dlíthiúla

Tá roinnt acmhainní dlí ar fáil anseo le cuidiú le daoine a bhfuil fonn orthu taighde nó gnó dlí a reáchtáil  trí Ghaeilge. Sna hábhair thíos, tá liosta de bhreithiúnais scríofa a tugadh as Gaeilge mar aon le foclóir de théarmaí dlí agus reachtaíocht thábhachtach eile.

Téarmaíocht Dlí

Bunreacht na hÉireann (1937)

Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003)

Breithiúnais as Gaeilge

30-07-2010 Mac Aodháin -v- Éire & chuid eile
19-02-2010Mac Aodháin -v- Éire & chuid eile
Is éard atá sna breithiúnais seo ná ceist a bhaineann le follasú doiciméad a éiríonn as imeachtaí a ardaíonn ceisteanna tábhachtacha maidir le Breithiúna Dúiche a leithdháileadh ar dhúichí áirithe ina labhraítear Gaeilge.

Ó Murchú -v- An Taoiseach & chuid eile
Cás a phléidh Rialacha na Cúirte, Ionstraim Reachtúla, Achtanna an Oireachtas agus an dualgas chun iad a chur ar fáil i nGaeilge.

Ó Gríofáin v Éire & chuid eile
Iarratasóir ag iarraidh ionchúiseamh as tiomáint ar meisce a chosc trí chearta teanga a dhearbhú.

MacAodháin v Coiste Rialacha na nUaschúirteanna & chuid eile
Cás inar líomhain aturnae go raibh Rialacha na nUaschúirteanna claonta i dtreo úsáid an Bhéarla.

Uí Chróinín & chuid eile v An tAire Oideachais & Eolaíochta & chuid eile
Cás a bhaineann le scoil ag iarradh aitheantas a fháil mar Ghaelscoil agus mar scoil-chomhoideachasúil.

Ó Conaire -v- An Breitheamh Dúice Uinsin Mac Gruairc & Chuid eile
Athbhreithniú bhreithiúnach inar d’aighnigh an iarratasóir  go raibh ceart bunreachtúil faoi Alt 8 agus/nó ceart faoin dlí coitianta cás a stiúradh as Gaeilge gan míbhuntáiste, gan chonstaic nó bhac agus gur sarú ar an gceart seo diúltiú ráitis finné a sholáthar as Gaeilge.

Mac Cárthaigh -v- Éire & Chuid eile
Cás ina n-éilíonn an t-iarratasóir ordú a shrianann a ionchúiseamh ar chúiseamh a bhaineann leis an reachtaíocht um thiomáint ar meisce maidir le diúltú sampla anála a thabhairt.

Ó Gribín -v- An Comhairle Mhúinteoireachta & chuid eile
Cás a síolraigh as easpa cáipéisí oiriúnach le haghaidh iarratas ar folúntas Stát.

Ó Bleithín -v- An tAire Dlí agus Cirt
Cás ina raibh an iarratasóir ag lorg dearbhú go raibh sé de cheart aige go mbeidh córas comhuaineach aistriúcháin suas chun dáta ar fáil agus in úsáid le linn a thrial os comhar coiste sa Chúirt Chuarda Choiriúil le haistriúchán Béarla go Gaeilge agus Gaeilge go Béarla.

Ó Beoláin -v- Breitheamh na Cúirte Dúiche Mary Fahy & chuid eile
Lorg iarratasóir, a raibh imeachtaí ina gcoinne sa Chúirt Dúiche, dearbhú go raibh iallach ar an Stát leagannacha Gaeilge d’Achtanna a cur ar fáil, dearbhú go raibh ar an Stát Rialacha na Cúirte Dúiche a sholáthar trí Gaeilge agus Ordú Toirmeasc ag cur deireadh leis na himeachtaí a bhí ina gcoinne.

Gael Linn Teoranta v. An Coimisinéir Luachála – Achoimre
Cinneadh na Cuirte Cuarda i dtaobh dhíolúine maoine.

MacCárthaigh v. Éire
Cás a phléidh an raibh riachtanas ann, chun giúre a mbeadh ar a chumas Gaeilge a thuiscint gan cabhair ateangaire, a cur ar fáil in imeachtaí a raibh an cosantóir ag úsáid na Gaeilge.

Ní Cheallaigh v. An tAire Comhshaoil – Achoimre
Ciontaíodh bhean de bharr leagan Gaeilge dá cláruimhir fheithiclí a bheith ar a charr. An raibh sé ultra vires cumhachtaí an Aire Comhshaoil scéim treoir-mharc bunaithe ar an leagan Béarla amháin a chur i bhfeidhm? An chóir certiorari a dheonadh leis an gciontú a chur ar neamhní?

Delap v. An tAire Dlí agus Cirt – Achoimre
An raibh dualgas bunreachtúil chun Rialacha na nUaschúirteanna a chur ar fáil sa teanga náisiúnta le haghaidh daoine a raibh ag iarradh a ghnó sna hUaschúirteanna a dhéanamh tríd an teanga náisiúnta?

Ó Murchú v. Cláraitheoir na gCuideachtaí – Achoimre
Athbhreithniú breithiúnach a thógadh chun foirmeacha a fháil trí Ghaeilge.

Ó Monacháin v. An Taoiseach – Achoimre
Cás a rinne léirmhíniú ar Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 – an bhfuil dualgas ar breitheamh dúiche, a bhfuil cheaptha do dhúthaigh ina bhfuil Gaeltacht, a bheith ábalta cúis a stiúrú as Gaeilge gan cabhair aistritheoir.

An Stát (MacFhearraigh) v. Neilan – Achoimre
An raibh dualgas ar an ionchúisitheoir toghairm as Gaeilge a sheirbheáil?

An Stát (Mac Fhearraigh) v. Mac Gamhnia
Imeachtaí An Bhínse Achomhairc Fostsíochta – an raibh sé de cheart ag an iarratasóir finné a raibh ag úsáid Béarla a chroscheistiú as Gaeilge?

An tAire Poist agus Telegrafa v. Cáit Bean Uí Chadhain – Achoimre
Achomharc in aghaidh ciontú sa Chúirt Dúiche. Bhí teilifís i seilbh an chosantóra gan cheadúnas. An chosaint a bhí aici ná nach raibh go leor ábhar Gaeilge ar Teilifís Éireann agus go raibh An tAcht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976, á shárú dá bharr. An bpléifidh an Chúirt le ceisteanna dlí nach n-éiríonn go fíor agus go cinnte sa chúis?

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s