An Ghaeilge sa Chúirt

2Forálann Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann (1937):

“Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í”

Bronnann sé seo an cheart do gach saoránaigh an Ghaeilge a úsáid d’aon gnó oifigiúil, fiú murab í an Ghaeilge a t(h)eanga dhúchais.

Is féidir leas a bhaint as ceachtar den dá theanga oifigiúla in aon chúirt, in aon phléadáil in aon chúirt, nó in aon doiciméad a eisítear ó aon chúirt. Tá dualgas ar an gcúirt a chinntiú go bhféadfadh aon duine éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is rogha leis nó léi.

Ciallaíonn sé go bhfuil sé de cheart agat an Ghaeilge a úsáid in aon chúirt in Éirinn, ón gCúirt Dúiche go dtí an Chúirt Uachtarach. Tá sé de cheart agat an Ghaeilge a úsáid sa chúirt féin, nó in aon cháipéisí cúirte.

Is féidir le haon rannpháirtí i gcás cúirte an Ghaeilge a úsáid, is cuma má tá tú ann mar ghearánaí, mar chosantóir, nó mar fhinné.

Má tá an Stát nó comhlacht poiblí mar pháirtí in imeachtaí sibhialta os comhair cúirte, bainfidh an Stát nó an comhlacht poiblí úsáid as an teanga oifigiúil, Gaeilge nó Béarla, atá roghnaithe ag an bpáirtí eile. Má tá níos mó ná páirtí amháin eile i gceist, beidh cinneadh le déanamh ag an Stát nó ag an gcomhlacht poiblí faoi cibé teanga oifigiúil a bheadh réasúnach a úsáid sa chás.

Tá sé de cheart ag cainteoirí Gaeilge a g(h)nó dlíthiúil dhéanamh trí Ghaeilge ar bhonn chothrom leis an té a úsáideann Béarla. Ní féidir leis na cúirteanna tú a chur ar míbhuntáiste nó caitheachas breise a chur ort de bharr an Ghaeilge a úsáid.

An Coimisinéir Teanga

Má bhíonn fadhb agatsa ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí nó gearán a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga ag 1890 504006 / +353 (0)91 504006 nó ag eolas@coimisineir.ie.

Cuireann Oifig an Choimisinéara Teanga bileog eolais dar teideal An Ghaeilge sa Chúirt agus póstaer eolais ar fáil don phobal freisin. Más mian leat cóipeanna den bhileog eolais agus/nó den phóstaer a fháil, téigh i dteagmháil leo ag eolas@coimisineir.ie.

Tuilleadh eolais: www.coimisineir.ie

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s