Bileoga Eolais

Tá An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta tosaithe ar bhileoga eolais maidir le cúrsaí dlí a fhoilsiú i nGaeilge. Tá ceann de na bileoga eolais dlí is mó léite de chuid FLAC, Wills & Intestacy, aistrithe ag Conradh na Gaeilge go Gaeilge mar shampla. Is í Uachtanna agus Díthiomnacht an chéad bhileog i sraith de bhileoga bunaithe ar ábhar arna fhoilsiú ag FLAC atá beartaithe ag an gConradh a chur ar fáil as Gaeilge. Tá cóipeanna crua ar fáil in aisce ar-líne agus ó na hionaid Saor-Chomhairle Dlí Ghaeilge chomh maith.

Déanann na bileoga eolais seo cur síos agus anailís ar chodanna éagsúla den dlí, ag díriú go háirithe ar rudaí a bhfuil tionchar mór acu ar dhaoine an lae inniu. Is treoir phraiticiúil iad na bileoga seo a thugann an t-eolas bunúsach go léir don ghnáthléitheoir agus a mhíníonn conas mar a oibríonn an dlí.

Dífhostú Éagórach 

Leagan na hAchtanna um Dífhostú Éagórach 1977 – 2007 síos córas gearáin inar féidir le fostaí dul sa choimhlint in aghaidh cinnidh fhostaitheoir chun é a dífhostú. Ní cuireann na Achtanna bac ar an dífhostú sa chéad áit ach tugann siad deis don fostaí agóid in aghaidh an cinnidh tar éis a tharlaíonn sé. Má éiríonn le éilliú an fostaí, tá cheart aige chuig shásamh. Sa bileog seo tá míniú ar saghsanna dífhostú, coinníollacha chun éilimh a dhéanamh, conas éilimh a dhéanamh, cúiseanna dífhostú cóir, cúiseanna dífhostú éagórach, dífhostú inchiallaithe, ionadaíocht dlí, foirmeacha shásamh agus achomharc.

Seicliostaliosta le haghaidh daoine tar éis a phost a chailiúint

Seicliosta de gníomhachtaí é seo chun suíomh airgeadais an té dífhostaithe a choiméad in eagair. Tugtar moltaí ar chúrsaí airgeadais, teidlíochtaí, dlí agus morgáiste.

Cúirt na nÉileamh Beag

Bileog eolas a thugann cur síos bunúsach ar Chúirt na nÉileamh Beag. Tugann Cúirt na nÉileamh Beag modh tapaigh agus saor le haghaidh réiteach agóide don tomholtóra. Réitítear an fadhb idir na bpáirtithe tríd idirghabháil a dhéanamh ar na ceisteanna tríd cléireach sa Chúirt Dúiche ar a nghlaoitear Cláiraitheoir um hÉilimh Beaga. Ní fhéadfar éilimh níos mó ná €2000 a fháil ó Chúirt na nÉileamh Beag.

Cúnamh Dlí Siabhialta

Bileog eolas a thugann eolas ar conas Cúnamh Dlí Sibhialta a fháil. Míníonn sé cad a clúdaíonn chomhairle agus cúnamh dlí sibhialta, cén seirbhísí a sholáthraíonn Bord um Chúnamh Dlíthiúil, cé a bhfuil cáilithe do chúnamh agus chomhairle dlí sibhialta agus conas iarratas a dhéanamh. Chomh maith le sin tugtar cur síos ar an córas costas.

Treoirleabhar d’Acht na dTeangacha Oifigiúla

Seo treoirleabhar atá foilsithe ag an Oifig Choimisinéara Teanga chun eolas a sholáthar don phobal maidir lena gcearta agus chun eolas a sholáthar do chomhlachtaí phobal maidir lena ndualgais faoin Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Tuilleadh eolais & bunleaganacha Béarla: www.flac.ie

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s