An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta
An bhfuil ceist dlí agat? Mar shampla:
- An féidir le mo thiarna talúin mé a dhíobairt den teach gan chúis?
- An bhfuil sé de cheart agam labhairt leis an mbreitheamh trí Ghaeilge?
- An féidir leis an mbanc ús mo mhorgáiste a ardú?
- An bhfuil m’fhostóir in ann scaoileadh liom gan iomarcaíocht a íoc liom?
Nó aon cheist eile atá agat!
Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag dli@cnag.ie nó ag +353 (1) 4757401. Rachaidh duine ar ais i dteagmháil leat leis an gceist nó leis an gcás a phlé leat.
Is féidir freastal ar na hionaid um Shaor-Chomhairle Dlí a bhíonn á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i bpáirt le FLAC in áiteanna éagsúla timpeall na tíre gach mí freisin:
Baile Átha Cliath
Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2
6.00 – 7.00in, an chéad Déardaoin den mhí
Caithfear coinne a dhéanamh roimh ré
Teagmháil: +353 (0)1 4757401
Gaillimh
Conradh na Gaeilge, Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh
5.30 – 7.00in, an chéad Chéadaoin den mhí
Caithfear coinne a dhéanamh roimh ré
Teagmháil: +353 (0)91 567824
Ionad Fiontair, Ros Muc, Co. na Gaillimhe
I gcomhar le hIonad Faisnéise do Shaoránaigh na Gaillimhe
7.00in, an chéad Chéadaoin den mhí
Caithfear coinne a dhéanamh roimh ré
Teagmháil: 0761 07 7600
Corcaigh
Áras Faisnéise na Saoránach, 80 An Meal Theas, Corcaigh
6.30 – 8.00in, an chéad Chéadaoin den mhí
Caithfear coinne a dhéanamh roimh ré
Teagmháil: +353 (0)21 4277377
Dún na nGall
An Chrannóg, Doirí Beaga, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
6.00 – 8.00in, an Aoine dheireanach den mhí
Caithfear coinne a dhéanamh roimh ré
Teagmháil: +353 (0)74 9532208
Béal Feirste
Ní clinic de chuid FLAC í seo
Conradh na Gaeilge, An Nasc, 199 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, BT12 4PY
6.00 – 7.00in, an Déardaoin dheireanach den mhí
Caithfear coinne a dhéanamh roimh ré
Teagmháil: +44 (0)28 90315647