Cé Muid Féin?

Tá An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta trí Ghaeilge ar fáil duitse anois ó Chonradh na Gaeilge agus ó Chraobh na Ceithre Cúirte má tá cheist ar bith agat faoin dlí. Eagraíocht neamhspleách  atá ann a oibríonn ar son rochtain chomhionann dlí agus chirt a chur ar fáil trí Ghaeilge do chách. Chun na críche sin, cuirtear seirbhísí dlí bunúsach ar fáil saor an aisce don phobail. Má bhfuil tú i gcoimhlint le fadhbanna teaghlaigh, creidmheasa agus dochar, cearta fostaíochta nó ag lorg eolas ar aon cheist dlí eile déan teagmháil linn ag dli@cnag.ie nó ag +353 (1) 4757401. Nó is féidir bualadh isteach ar ár nIonaid Saor-Chomhairle Dlí i bpáirt le FLAC, timpeall na tíre:

Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair; 6-7i.n. an chéad Déardaoin den mhí.

Corcaigh: Áras Faisnéise na Saoránach, 80 An Meal Theas; 6.30-8i.n.; Chéadaoin amháin in aghaidh an mhí. Chaithfear coinne a dhéanamh roimh ré. Ghlaoigh an Áras ag 021-4277377.

Gaillimh: Conradh na Gaeilge, 45 Sráid Doiminic; 5.30-7i.n.; an chéad Chéadaoin den mhí.

Gaoth Dobhair: An Chrannóg, Doirí Beaga; 2-4i.n. an dara agus an ceathrú Satharn den mhí.

Freagair

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Sé do chuntas WordPress.com atá tú a úsáid. Logáil Amach / Athraigh )

Peictiúr Twitter

Sé do chuntas Twitter atá tú a úsáid. Logáil Amach / Athraigh )

Grianghraf Facebook

Sé do chuntas Facebook atá tú a úsáid. Logáil Amach / Athraigh )

Ag ceangal le %s